Nuachtlitir 28/04/16

A Thuismitheoirí,

Scoil Dúnta

Beidh an scoil dúnta ón Luan 2 Bealtaine go dtí an Aoine 6 Bealtaine. Bain sult as an mbriseadh.

Gaelbhratach

Tá lúcháir orainn cur in iúl duit gur bronnadh an gaelbhratach orainn inné ag searmainis i nDroim Conrach. Comhgairdeas leis an gcoiste agus an scoil uilig.

Griangrafanna – Rang 6

Ná déan dearmad griangrafanna nó/agus airgead a chuir ar ais ag an scoil láithreach.

Maratón

Tá na páistí ar fad ag rith 1km gach Aoine fós agus ag baint an sult as. Táímid ag tnúth go mór leis na cartaí urraíochta a bhailiú go luath agus na boinn a bhronnadh ag Lá na mBrataí ar an 29 Meithimh.

Bus- do pháistí nach bhfuil ag usáid an tseirbhís i láthair na huaire amháin

Is mian liom cur in iúl daoibh gur gá do pháiste a chlárú don bhus scoile roimh an 29 Aibreán más mian leat go n-usáidfeadh do pháiste an tseirbhís bus. Is féidir clárú don tseirbhís ag buseireann.ie agus cliceáil ar ‘school transport’.  Beidh an uimhir rolla ag teastáil – 20159C

Mion-Maratón

Tá am agat fós an mion maratón VHI a rith ar son Ghaelscoil Nás na Ríogh. Rith nó siúl…bí linn ar an lá saoire bainc 6 Meithimh. Is féidir leat clárú tú féin, urraíocht a bhailiú agus a bheith linn ar an lá NÓ is féidir linn tú a chlárú agus an táille a íoc má bhailíonn tú €50 ar a laghad don scoil. Is é an dáta deireanach le clárú ná 29 Aibreán ( an tseachtain seo chugainn) Más mian leat páirt a ghlacadh cuir ríomhphost go karenmorrissey10@gmail.com i dtreo níos mó eolas a fháil.

Snámh

Beidh na naíonáin mhóra ag tosú ar an snámh ar an Máirt 17 Bealtaine.  An costas atá air ná €30 (5 seachtain)

JEP agus Rang 5

Beidh Rang 5 ag dul go Tayto Park ar an gCéadaoin 11 Bealtaine chun an brat a bhailiú don scoil.  An costas maoinithe atá ar an mbus ná €5. Níos mó eolas le teacht.

 

Is mise le meas

Anita Nic Amhlaoidh

Príomhoide