Nuacht is Deanaí

Junior Entrepreneur Programme

Ghlac Rang a 6 páirt i gcúrsa fiontraíochta i mbliana urraithe ag Irish Dog Foods. Rinneadar brabús de  €300 ag díol “Crann na Séasúr”.  Buíochas dóibh siúd a thug tacaíocht dóibh, ach go háirithe Majella Leighton ó “Game Machine” agus Tiernach Cassidy ó “Mutz for Cutz” a thug comhairle dóibh.

2015-05-27 10.50.03 2015-05-27 09.24.20 2015-05-27 10.37.11

Lá na Gruaige Craiceáilte

Bhí lá gruaig craiceáilte againn ar an Aoine 27 Márta ar son Our Lady’s Hospital Crumlin.

Ag an tionól bhain Múinteoir Anita, in éineacht le Caitlín agus Leah ó Rang a 5, seacht n-orlach is tríocha óna chuid gruaige eatarthu ar son an “The Little Princess Trust”.  Buíochas le Lorna Davis as ucht an ghruaig a ghearradh agus comhghairdeas do chách a ghlac páirt.

Brú an nasc seo don fís!

20150327_104001 (Small) 20150327_103950 (Small) 20150327_103918 (Small)20150327_104121 (Small)

 

Comórtas Fichille Na Scoile

Ghlac daltaí ó Rang a 4 go Rang a 6 páirt i gcomórtas fichille i rith am lóin. Phiocadh cúigear le bheith mar bhall de fhoireann fichille na scoile.  Comhghairdeas le Daragh, Seán, Marc, Callum agus Victoria.

20150324_115808 (Small) 20150324_115903 (1) (Small)

 

 

Na hAmbasadóirí Frithbhulaíochta

D’fhreastal cúigear ón scoil mar aon le Múinteoir Máire agus Múinteoir Lára ar chúrsa traenála “Anti Bullying Ambassadors” i gColáiste Droichead Nua ar an 26 Márta. Tá coiste nua-bhunaithe anois sa scoil agus tá Darren, Diolúin, Aoife, Orlaith agus Anna ag tnúth go mór leis an gcéad crinniú.  Tá muid fíor-bhródúil astu.

20150326_104500 (Small) 20150326_104201 (Small)

An Chéad Aithrí

Comhghairdeas leis na páistí ar fad a ghlac leis an gCéad Aithrí aréír. Bhí sibh that barr. Mo bhuíochas leis na tuismitheoirí a chabhraigh leis an ocáid freisin.

Maith Thú Oisín

Comhghairdeas le hOisín ó Rang a 4 bhuaigh  Comórtas Ealaíne An Foras Patrúnachta. Bhí ard-mholadh chomh maith do Róisín i Rang a 6.

20150302_090420 (Small)

 

 An Garda Síochana

Tháinig Gardaí ar chuairt ag an scoil le labhairt le daltaí faoi sabhailteacht ar an mbóthar agus ar líne.

Díolacháin Cácaí

Réitigh Rang a 4 agus Múinteoir Caroline an Díolacháin i mbliana ag tacú le “Naas Child and Family”. Bhuaigh Rang a 2 Múinteoir Meabh an duais pizza don iarracht is fearr.

 

20150312_101656 (Small) 20150312_102656 (Small)

 

An Céilí Mór

Bhí an Céilí Mór ar siúl i mbliana sa CLG i Nás.  Buíochas le Cathy as ucht le daltaí a ullmhú don céilí. Dhíol Rang a 6 na nithe ón “Junior Entrepreneur” Crann na Séasúr.  Bhronnadh fainní ar na tuistí a d’fhreastal ar na ranganna Gaeilge le Múinteoir Tomasina agus Múinteoir Anita.

20150312_111122_resized20150310_173021_resized

 

20150310_173835_resized20150310_193337_resized